Poblacht i dtuaisceart na hEorpa í an Eastóin (Eastóinis: Eesti). Tá sí suite in aice le Muir Bhailt san Iarthar agus le Murascaill na Fionlainne sa tuaisceart. Tá teorainn talún aici leis an Laitvia agus an Rúis. Thairis sin, tá teorainn mhuirí aici leis an bhFionlainn. Is ball den Aontas Eorpach í. Stair Réamhstair D'éirigh socrú daoine indéanta timpeall 11,000 go dtí 13,000 bliain ó shin, nuair a leáigh ón Oighearaois seo caite. Tá an áit lonnaithe is sine atá fhios againn san Eastóin ná an áit lonnaithe Pulli, a bhí ar na bhruacha na habhann Pärnu, in aice leis an baile Sindi, san iardheisceart na hEastóine. Tíreolaíocht Tá sí suite idir 57.3° agus 59.5° domhanleithead agus 21.5° agus 28.1° domhanfad, luigh an Eastóin ar an gcósta oirtheartach den Muir Bhailt. Tá an meánardú 50 m, agus Is í Suur Munamägi atá suite sa oirheisceart na tíre an pointe is airde (318 méadar). Tá 1,400 loch suite timpeall na tíre. An Eastóin ó spás Contaetha Tá an tír roinnte ina cúig chontae déag: Contaetha Príomhchathair Achar Daonra Dlús daonra Harjumaa Tallinn 4,333 km² 552,643 127.5/km² Hiiumaa Kärdla 989 km² 8,470 8.6/km² Virumaa Thoir Jõhvi 3,364 km² 149,244 44.4/km² Järvamaa Jõgeva 2,604 km² 31,398 12.1/km² Jõgevamaa Paide 2,623 km² 30,553 11.6/km² Läänemaa Haapsalu 2,383 km² 24,184 10.1/km² Virumaa Thiar Rakvere 3,627 km² 59,861 16.5/km² Põlvamaa Põlva 2,165 km² 27,452 12.7/km² Pärnumaa Pärnu 4,807 km² 82,584 17.2/km² Raplamaa Rapla 2,980 km² 34,905 11.7/km² Saaremaa Kuressaare 2,673 km² 31,344 11.7/km² Tartumaa Tartu 2,993 km² 150,287 50.2/km² Valgamaa Valga 2,044 km² 30,158 14.8/km² Viljandimaa Viljandi 3,422 km² 47,594 13.9/km² Võrumaa Võru 2,305 km² 33,439 14.5/km² An Daonra Rince traidisiúnta na hEastóie Eastónaigh iad thart ar seachtó faoin gcéad de mhuintir na tíre. An chuid eile acu, is Rúisigh iad, nó Úcráinigh agus Bílearúisigh, ach is gnách le Tadhg an mhargaidh sa tír gan mórán difríochta a aithint eatarthu, ó tháinig na daoine seo isteach i mblianta an Aontais Shóivéadaigh, agus Rúisis á labhairt acu. An teanga atá ó dhúchas ag na hEastónaigh féin, is teanga Fhionn-Úgrach í, agus gaol sách dlúth aici leis an bhFionlainnis. Tá na hEastónaigh agus na Fionlannaigh in ann cuid mhaith céille a bhaint as caint a chéile, cosúil le Gaeil na hÉireann is na hAlban. Tá dream beag ann san Eastóin ar Fionlannaigh iad ó thaobh an dúchais eitnigh de. Sliocht sleachta is ea iad d'Fhionlannaigh Chathair Pheadair agus na mbólaí timpeall na cathrach sin. Nuair a osclaíodh na teorainneacha i ndeireadh na n-ochtóidí, áfach, thosaigh imirce na bhFionlannach eitneach ón Eastóin agus ó na poblachtaí iar-Shóivéadacha eile go dtí an Fhionlainn, agus tá sé sábháilte glacadh leis nach bhfuil mórán todhchaí i ndán do na Fionlannaigh seo mar mhionlach seanbhunaithe sa tír. Scéal eile ar fad, áfach, go bhfuil malartú cultúrtha beo ar siúl idir an dá náisiún bhráithriúla arís, agus na mílte d'Fhionlannaigh le fáil san Eastóin inniu - mar mhic léinn, cuir i gcás. Polaitíocht agus Rialtas Is daonlathas bunreachta, le córas an sheomra amháin, cé a togh an Uachtaráin. Cuimsíonn an Feidhmeannas léis an Príomh-Aire agus le 14 aire eile. Tá cumhacht reachtaíochta ag an bParlaimint, an Riigikogu. Tá 101 suíomh sa Riigikogu. Déimeagrafach Teangacha Is é Eastóinis an teanga oifigiúl sa Eastóin. Tá sé á labhairt ag timpeall 1.1 milliún daoine. Is é Rúisis an teanga iasachta is comónta, tá nách mór 25% do daonra an Eastóin ó an Rúis. |
About us|Jobs|Help|Disclaimer|Advertising services|Contact us|Sign in|Website map|Search|
GMT+8, 2015-9-11 20:12 , Processed in 0.155571 second(s), 16 queries .